Tá gaineamhchloch Sherwood atá le feiceáil i roinnt áiteanna ar an dromchla, agus i gcroílár carraige ó Thuaisceart Éireann agus ó lár Shasana, scagach agus tá seoltacht theirmeach réasúnta ard aici, rud a fhágann gur féidir aistriú teasa éifeachtach a dhéanamh laistigh di. Meastar gur dócha go bhfuil uisce te a fhaightear go nádúrtha (a d'fhéadfadh a bheith thart ar 70oC) ag doimhneachtaí de 2-3 km san uiscíoch gaineamhchloiche adhlactha go domhain faoi bhun Chontae Aontroma.
Baineann suirbhé seismeach éighníomhach úsáid as creathanna talún i bhfad i gcéin a thagann ó réigiúin amhail an Mheánmhuir, Meiriceá Theas agus an Áise chun cur ar ár gcumas na carraigeacha faoi thalamh a íomháú agus a ‘scanadh’ ag doimhneachtaí móra.
Suiteálann eolaithe seismiméadar (an gléas a úsáidtear chun creathanna talún a bhrath) i bpoll beag thart ar 80 cm ar domhain agus 30 cm ar leithead. Tá an trealamh faoi thiomáint ag painéal gréine agus bailíonn sé fuinneamh seismeach go héighníomhach a chuaigh trí na sraitheanna carraige. Mar is amhlaidh i gcás na suirbhéanna seo go léir, ní tharchuirtear aon sruth leictreach isteach sa talamh, ní astaítear aon réimsí leictreamaighnéadacha, agus ní chruthaítear aon torann. Tá an trealamh séalaithe, iniompartha agus ní dhéanann sé difear don chomhshaol.
trealamh séalaithe, iniompartha agus ní dhéanann sé difear don chomhshaol.
Suiteáladh 26 stáisiún san iomlán i gContae Aontroma. Tá an trealamh fós i bhfeidhm ar feadh thart ar 18 mí, rud a thugann dóthain ama chun go leor creathanna talún a thaifeadadh chun anailís a dhéanamh ar an bhfodhromchla le cruinneas maith.
Tomhaiseann suirbhé domhantarraingthe éagsúlachtaí i réimse imtharraingteach an Domhain ag áiteanna éagsúla ar fud ceantair. Cuireann anailís ar na tomhais seo ar chumas taighdeoirí faisnéis faoi gheolaíocht fodhromchla a thuiscint trí chodarsnachtaí dlúis idir cineálacha carraigeacha éagsúla a bhrath. Is féidir an fhaisnéis seo a úsáid chun gnéithe amhail lochtanna, struchtúir adhlactha, nó athruithe ar chineálacha carraige a aithint bunaithe ar a dtarraingt imtharraingteach éagsúil.
Is meá-mhéadar an uirlis a úsáidtear chun domhantarraingt a thomhas. Nuair a chuirtear ar dhromchla cothrom é, tugann an gléas léamh don úsáideoir. Maidir le ceantar Aontroma, glacfar thart ar 600 tomhas cúpla céad méadar óna chéile. Déanfar an chuid is mó den obair sin feadh na mbóithre agus na gcosán le linn shamhradh 2025. Tá an trealamh iniompartha agus ní dhéanann sé difear don chomhshaol.