Ceisteanna Coitianta

Mura féidir leat an freagra a fháil ar do cheist faoi fhuinneamh geoiteirmeach thíos, cuir ríomhphost chugainn.


Naisc thapa chuig Ceisteanna Coitianta maidir leis an méid seo a leanas:

Tionscadal GEMINI

Fuinneamh Geoiteirmeach

Ag freagairt do chuid imní

Fuinneamh geoiteirmeach ar oileán na hÉireann

Tuilleadh eolais

Tionscadal GEMINI

Céard é aidhm an tionscadail?

Is tionscadal taispeána fuinnimh gheoiteirmigh trasteorann é GEMINI – Móiminteam Fuinnimh Geoiteirmigh ar Oileán na hÉireann. Trína ghníomhaíochtaí iomadúla agus éagsúla, is é is aidhm don tionscadal astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le téamh agus fuarú a laghdú.

Céard is láithreáin taispeána GEMINI ann agus cá bhfuil siad?

Tá ceithre láithreán ann – dhá cheann i mBéal Feirste, ceann amháin i Sligeach agus ceann amháin i mBaile Átha Cliath. Bainfidh siad sin úsáid as fuinneamh teasa ón Domhan chun córais téimh ar mhórscála a chumhachtú i bhfoirgnimh na hearnála poiblí: ionad spóirt, tionscadal tithíochta, oifigí fóntais agus campas ollscoile. Léireoidh forbairt agus oibriú na láithreán seo na buntáistí a bhaineann le córais fuinnimh gheoiteirmigh trí dhul i dteagmháil go hiomlán le pobail, le hinstitiúidí oideachais agus le húdaráis áitiúla. 

Beidh láithreán breise in Aontroim dírithe ar shuirbhéanna geolaíocha agus fodhromchla chun scrúdú a dhéanamh ar a acmhainneacht maidir le suiteáil fuinnimh gheoiteirmigh.

Beidh gníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail agus staidéir indéantachta dírithe ar cheantar trasteorann Loch Mac nÉan freisin. 

Céard eile a dhéanfaidh GEMINI?

Chomh maith leis na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na láithreáin taispeána, beidh an tionscadal dírithe ar ghníomhaíochtaí eile a chuireann úsáid fuinnimh gheoiteirmigh chun cinn le haghaidh téimh agus fuaraithe. Áirítear orthu seo:

•    Ardáin comhroinnte scileanna agus deiseanna oiliúna a fhorbairt;
•    Tacú le gnólachtaí sa mhargadh geoiteirmeach atá ag teacht chun cinn;
•    Creataí rialála náisiúnta agus moltaí beartais trasteorann a thionscnamh maidir le glacadh fuinnimh gheoiteirmigh;
•    Sraitheanna uirlisí a thógáil do chinnteoirí; 
•    Samhlacha rannpháirtíochta pobail a mhúnlú; 
•    Modúil oideachais a chruthú do leibhéil éagsúl

Baileoidh an tionscadal sonraí breise freisin le haghaidh láithreáin a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chun ár n-eolas ar na hacmhainní geoiteirmeacha fodhromchla agus a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéadú agus a fheabhsú. Úsáidfear na sonraí seo chun léarscáileanna acmhainní teasa a thiomsú a chuirfear ar fáil do gach duine..

Cén chaoi a maoinítear an tionscadal?
Fuair an tionscadal €20/£17.3 milliún ón gclár PEACEPLUS, atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) le tacaíocht ó Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na hÉireann agus ó Roinn Geilleagair Thuaisceart Éireann.

Is clár maoinithe trasteorann é PEACEPLUS atá deartha chun tacú leis an tsíocháin agus leis an rathúnas ar fud Thuaisceart Éireann agus i gcontaetha teorann na hÉireann. Tá PEACEPLUS cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach, ag Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ag Rialtas na hÉireann, agus ag Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann.
Cé hiad na comhpháirtithe?

Cuimsíonn an tionscadal 15 Chomhpháirtí Tionscadail agus 8 gComhpháirtí Ghaolmhara ón rialtas áitiúil agus náisiúnta, ón earnáil taighde, agus ó ghrúpaí rannpháirtíochta pobail ó Thuaidh agus ó Dheas den teorainn. Tá Codema, Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, i gceannas ar an tionscadal. 

Tá liosta iomlán na gcomhpháirtithe anseo.

Cén chaoi a gcuideoidh GEMINI le hoileán na hÉireann spriocanna astaíochtaí carbóin a bhaint amach?

Scaoileann teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh le haghaidh téimh agus fuaraithe Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa atá beagnach nialasach agus mar sin is féidir ról nach beag a bheith ag an acmhainn seo maidir le rannchuidiú le spriocanna astaíochtaí carbóin 2050 an Aontais Eorpaigh, na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann a bhaint amach. 

Leis an Acht um an Athrú Aeráide (Tuaisceart Éireann) 2022, gealltar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050. Tháinig 59% d’astaíochtaí iomlána Thuaisceart Éireann ó earnálacha a bhaineann le fuinneamh in 2019. Is é teas an earnáil is mó, agus is é is cúis le 38% d’astaíochtaí Thuaisceart Éireann a bhaineann le fuinneamh (An Chonair i dtreo na Glan-nialasachta, Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, mí na Nollag 2021). 

Luaitear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 (Éire, a thugtar cothrom le dáta go bliantúil) go bhfuil sé d’aidhm ag an rialtas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 30% ar a laghad faoi 2030 agus gníomhú chun an tír a threorú i dtreo sochaí aeráidneodrach inbhuanaithe faoi 2050. In 2021 tháinig 24% d’Astaíochtaí iomlána Gás Ceaptha Teasa na hÉireann ó bhreoslaí iontaise agus ó bhreosla neamh-inathnuaite eile a dhó le haghaidh téimh agus fuaraithe (Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann).

Tá fuinneamh geoiteirmeach agus teaschaidéil ar dhá cheann de na teicneolaíochtaí is mó a bhfuil gealladh fúthu chun dul i ngleic leis na hastaíochtaí carbóin ó théamh agus fuarú.

Fuinneamh Geoiteirmeach

Céard is fuinneamh geoiteirmeach ann?

Is éard is fuinneamh geoiteirmeach ann an fuinneamh uile a stóráiltear i bhfoirm teasa faoi dhromchla an Domhain. Is foinse leanúnach teasa in-athnuaite ísealcharbóin é. Tá sé ar fáil ag doimhneachtaí ó chúpla méadar go roinnt ciliméadar, ón áit ar féidir é a bhaint trí theicneolaíochtaí éagsúla a úsáid le haghaidh feidhmeanna éagsúla.

Is féidir fuinneamh geoiteirmeach a úsáid go díreach le haghaidh téimh agus fuaraithe nó is féidir fuinneamh ag teocht níos airde (e.g. os cionn 100oC) a úsáid chun leictreachas a ghiniúint. Is féidir téamh agus fuarú díreach a úsáid le haghaidh tithe aonair, agus is féidir córais gheoiteirmeacha ar scála níos mó a úsáid chun láithreáin tráchtála a théamh agus a fhuarú. 

Is féidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach rannchuidiú lenár n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus lenár slándáil fuinnimh áitiúil a fheabhsú. Tá sé ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae neamhspleách ar an aimsir agus tá lorg dromchla an-bheag aige i gcomparáid le fuinneamh in-athnuaite eile amhail fuinneamh gaoithe agus gréine.

Cé as a dtagann an teas?

Feidhmíonn dromchla an-éadomhain an Domhain mar bhailitheoir gréine. Coinnítear ithreacha, dríodair agus carraigeacha neasdromchla ag teochtaí atá beagán os cionn mheánteocht bhliantúil na hithreach (9 go 11°C ar oileán na hÉireann), ag an ngrian agus ag an atmaisféar. Tá teicnící ar fáil chun an teas a bhaint as talamh éadomhain agus é a úsáid chun ár dtithe a théamh.

Tá méideanna ollmhóra fuinnimh theirmigh sa Domhan freisin a gineadh le linn a fhoirmithe agus a leanann de bheith á ghiniúint ina screamh. Téann an teas seo go mall i dtreo dhromchla níos fuaire an Domhain.

Tugtar an grádán geoiteirmeach ar an méadú ar an teocht le doimhneacht. Níl grádán geoiteirmeach an Domhain aonfhoirmeach agus is féidir i bhfad níos mó teasa gar don dromchla a bheith ag ceantair atá gníomhach go bolcánach. Ar an meán, tá an ráta méadaithe teochta thart ar 30°C in aghaidh an chiliméadair de dhoimhneacht i screamh an Domhain.

I réigiúin nach bhfuil gníomhaíocht bholcánach ghníomhach acu, mar shampla ar oileán na hÉireann, tá an screamh níos fuaire, ach tá fuinneamh teirmeach nach beag ann fós, agus beidh leachtanna te i gcarraigeacha tréscaoilteacha ag doimhneacht cúpla ciliméadar.

An teicneolaíocht nua é an fuinneamh geoiteirmeach?

Ní hea. Tá foinsí teo in úsáid ag daoine leis na mílte bliain do chúrsaí folctha agus teasa. Baineadh úsáid as an bhfuinneamh geoiteirmeach chun críocha tionsclaíochta den chéad uair 200 bliain ó shin.

Tá teicneolaíocht gheoiteirmeach á húsáid go sábháilte agus go rathúil ar fud an domhain le blianta fada, go háirithe i dtíortha amhail an Nua-Shéalainn, an Iodáil agus an Íoslainn. Tá úsáid mhaith bainte freisin ag codanna den domhan nach bhfuil córais bholcánacha ghníomhacha acu, amhail an tSualainn, an Ísiltír agus an Ghearmáin, as a n-acmhainní geoiteirmeacha níos fuaire. Tá aeráid chomhchosúil agus roinnt gnéithe den gheolaíocht ag oileán na hÉireann leis na tíortha sin agus d'fhéadfadh sé tairbhe a bhaint as ar an mbealach céanna. Déanann Scéalta Geoiteirmeacha na Comhairle Eorpaí um Fhuinneamh Geoiteirmeach cur síos ar na scórtha suiteálacha fuinnimh gheoiteirmigh rathúla san Eoraip, rud a théann chun tairbhe do phobail, do ghnólachtaí agus do thionscail.

Cén chaoi ar féidir linn rochtain a fháil ar fhuinneamh geoiteirmeach?

Is féidir linn leas a bhaint as an teas inrochtana ísealteochta atá in ithreacha éadoimhne trí shraith píopán malartaithe teasa a shuiteáil i dtrinsí nó i bpoill tóraíochta. Scaiptear leacht uiscebhunaithe trí na píobáin; ionsúnn sé teas ón ithir nó ó na carraigeacha agus iompraíonn sé chuig an dromchla é. Ag an dromchla, déanann teaschaidéal leictreach an teas a bhaint den leacht, ag cur leis an teocht go leibhéal atá úsáideach chun foirgnimh éagsúla a théamh. Is féidir an próiseas malartaithe teasa a aisiompú freisin chun barraíocht teasa a aistriú ar ais chuig an bhfodhromchla, agus ar an gcaoi sin foirgnimh a fhuarú.

Is féidir teacht ar theochtaí níos airde trí dhruileáil níos doimhne (3-4 km le haghaidh suiteáil chaighdeánach) agus trí cheann de na nithe seo a leanas a shuiteáil:

  • córais 'iata' a ionsúnn an teas ó na carraigeacha, nó

  • córais 'oscailte' a tharraingíonn suas an screamhuisce níos teo go díreach go dtí an dromchla, a eastóscann an teas, agus a chuireann an screamhuisce céanna ar ais san uiscíoch atá le hatéamh ag na carraigeacha.

Céard é an difríocht idir fuinneamh geoiteirmeach éadomhain agus domhain?

Cé go ndéantar idirdhealú chun críocha rialála idir doimhneachtaí níos lú ná 500m (éadomhain) agus níos mó ná 500m (domhain), níl aon teorainn fhisiceach shoiléir idir an dá cheann acu; méadaíonn an teocht de réir a chéile le doimhneacht. Dá dhoimhne a dhruileálaimid, is ea is lú an obair a chaithfidh teaschaidéal faoi thiomáint leictreach a dhéanamh chun an teocht a ardú go dtí an leibhéal atá ag teastáil. Is éard atá i gceist leis an gcinneadh maidir le cé chomh domhain is atá druileáil ná cothromaíocht a aimsiú idir an costas a bhaineann le druileáil dhomhain agus costas an leictreachais a theastaíonn chun teaschaidéil a rith. 

Céard iad na buntáistí a bhaineann leis an bhfuinneamh geoiteirmeach?

Fágann roinnt gnéithe gur foinse thairbheach téimh agus fuaraithe é an fuinneamh geoiteirmeach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • Tá sé slán, ísealcharbóin agus inbhuanaithe.

  • Tá lorg beag éiceolaíoch aige.

  • Tá sé áitiúil, agus foinse baile fuinnimh iontaofa, in-athnuaite á chur ar fáil leis.

  • Tá sé neamhspleách ar an aimsir agus is féidir é a bheith ar fáil 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain.

  • Is féidir é a úsáid chun tithe, gnólachtaí agus próisis thionsclaíocha a théamh agus a fhuarú.

  • Laghdaíonn sé an gá atá le hiompórtálacha fuinnimh agus feabhsaíonn sé ár slándáil fuinnimh.

  • Bíonn saolréanna fada ag córais gheoiteirmeacha: oibríonn go leor comhpháirteanna go hiontaofa ar feadh suas le 100 bliain. Teastaíonn roinnt cothabhála uathu, ach ba cheart gur bheag an chothabháil sin dá mbeadh an córas dea-dheartha.

  • Is iondúil go mbíonn na costais oibriúcháin ísea

Cad iad na dúshláin a bhaineann le fuinneamh geoiteirmeach a úsáid?

I gcomparáid le hacmhainní fuinnimh in-athnuaite eile, is iad na príomhdhúshláin a bhaineann le fuinneamh geoiteirmeach a fhorbairt ná dúshláin theicniúla agus eacnamaíocha. 

  • Ní mór na hacmhainní a bhainistiú go cúramach agus na córais a dhearadh chun freastal ar an bhfoinse teasa agus ar éileamh na n-úsáideoirí.

  • Ní féidir an teas a aistriú ar bhealach atá chomh héifeachtúil le leictreachas, mar shampla. Dá bhrí sin, is iondúil go n-úsáidtear córais fuinnimh gheoiteirmigh os cionn na foinse nó an-ghar di.

  • Ní sholáthraíonn gach cineál carraige teas geoiteirmeach éifeachtúil ná costéifeachtach, go háirithe do chórais a dteastaíonn acmhainní teasa níos teo (níos doimhne) uathu.

  • Tá an costas tosaigh a bhaineann le fuinneamh geoiteirmeach a shuiteáil níos airde ná fuinneamh in-athnuaite eile.

  • Níl reachtaíocht ná rialacháin gheoiteirmeacha shonracha i bhfeidhm ag Éirinn ná ag Tuaisceart Éireann faoi láthair (cé go bhfuil Bille Geoiteirmeach á ullmhú in Éirinn de réir an Ráitis Beartais maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach don Gheilleagar Ciorclach [DECC, 2023]).

Baineann dúshláin eile le deacrachtaí maidir le creataí rialála ilroinnte, moilleanna ar cheadanna a fháil agus easpa lucht saothair cáilithe chun córais a shuiteáil agus a chothabháil.

Cén chaoi ar féidir linn na dúshláin sin a laghdú?

Tá sé d’aidhm ag GEMINI aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus rioscaí maidir le taiscéalaíocht fuinnimh gheoiteirmigh dhomhaindruileáilte agus iad a mhaolú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An fodhromchla a thréithriú agus a shamhaltú go cruinn trí mhodhanna geoifisiceacha cianda nua-aimseartha.

  • Measúnuithe riosca druileála cuimsitheacha a dhéanamh agus straitéisí bainistíochta druileála a dhearadh chun moilleanna agus géarú costais a íoslaghdú.

  • Deiseanna comhroinnte scileanna agus oiliúna a chur chun cinn agus a fhorbairt chun tacú le córais gheoiteirmeacha a shuiteáil agus a chothabháil.

  • Taithí agus eolas fíorshaoil a chur ar fáil don phlé maidir leis an gcreat rialála agus beartais.

Cén cineál foirgneamh is féidir a théamh le fuinneamh geoiteirmeach?

Go leor cineálacha! 

Is féidir córais fuinnimh gheoiteirmigh éadomhain a úsáid chun téamh agus/nó uisce te a sholáthar do thithe cónaithe aonair agus d’fhoirgnimh phoiblí, amhail ionaid spóirt, linnte snámha agus hallaí pobail. Tá go leor feidhmeanna tráchtála ag córais den sórt sin freisin, lena n-áirítear tithe gloine, trádstórais agus foirgnimh feirme. 

Is féidir le córais fuinnimh gheoiteirmigh dhomhain an iliomad foirgneamh agus níos mó a théamh trí líonraí téimh ceantair. Tá samplaí éagsúla ann amhail ospidéil, campais ollscoile, páirceanna miondíola, coimpléisc árasán, eastáit tithíochta, aerfoirt, agus mar sin de.  

Céard is líonra téimh ceantair ann?
Tá foinse fuinnimh teasa, nó meascán d’fhoinsí, nasctha leis an iliomad tomhaltóirí fuinnimh trí chóras píobán an-inslithe. Déantar uisce te a dháileadh trí na píobáin, ag soláthar teasa agus uisce te don úsáideoir de réir mar is gá. Is féidir raon foinsí fuinnimh a úsáid, lena n-áirítear fuinneamh geoiteirmeach, agus is féidir iad a úsáid in éineacht le heagair theirmeacha ghréine, bithbhreoslaí agus dramhtheas, mar shampla.

Is féidir le líonraí téimh ceantair a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh ná córais téimh aonair toisc go ngintear an teas ag ionad lárnach agus go ndáiltear é trí líonra píobán inslithe, seachas é a ghiniúint ag gach foirgneamh aonair. Is féidir leo a bheith níos costéifeachtaí, toisc gur féidir na costais a bhaineann leis an ionad lárnach a oibriú agus a chothabháil a roinnt i measc úsáideoirí éagsúla, agus spás a shábháil, toisc nach bhfuil gá le haonaid téimh aonair i ngach foirgneamh.

Ag freagairt do chuid imní

Cén tionchar a bhíonn ag fuinneamh geoiteirmeach ar an gcomhshaol?

Maidir le córais fuinnimh gheoiteirmigh éadomhain a eastóscann teas na coda uachtaraí den fhodhromchla, níl aon drochthionchar acu féin ar an gcomhshaol.

Bíonn na teaschaidéil á gcumhachtú ag leictreachas agus tá cuisneáin iontu, cé go bhfuil siad séalaithe laistigh den chóras agus nach bhfuil siad i dteagmháil leis an gcomhshaol. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil éifeachtúlacht níos airde ag na teaschaidéil sin ó fhoinse talún ná mar atá ag teaschaidéil ó fhoinse aeir ionas go mbeidh a dtionchar foriomlán ar an gcomhshaol i bhfad níos lú.

Tráth a bheidh córas fuinnimh gheoiteirmigh dhomhain i bhfeidhm, beidh an tionchar ar an gcomhshaol thar a bheith beag. Tá na suiteálacha sin saor ó charbón ag an bhfoinse agus tá an lorg ar an talamh an-bheag. Úsáidtear leictreachas go coitianta chun an córas cúrsaíochta geoiteirmí a chaidéalú agus d’fhéadfadh lorg carbóin beag gaolmhar a bheith ag baint leis sin.

Maidir le córais ‘lúboscailte', déantar an leacht geoiteirmeach a athchúrsáil go háitiúil ar ais san uiscíoch domhain. Ní bhaintear ach an teas ag an dromchla. I gcórais ‘lúbiata' scaiptear leacht oibre laistigh de líonra poll tóraíochta agus ní thagann sé i dteagmháil le screamhuisce nádúrtha.

Is iondúil go mbíonn tionchair ar an gcomhshaol sealadach agus teoranta do chéim na druileála nuair a bhíonn roinnt cur isteach áitiúil ann i bhfoirm torainn agus, b’fhéidir, mionchreathanna cosúil le hoibreacha foirgníochta. 

Níl aon rialachán sonrach ann lena gcumhdaítear fuinneamh geoiteirmeach atá i bhfeidhm d’Éirinn ná do Thuaisceart Éireann ach, i gcomhréir leis an dea-chleachtas ó thíortha eile, ba cheart measúnú ar an tionchar ar an mbithéagsúlacht, ar ghnáthóga nádúrtha agus ar an timpeallacht thógtha a chur i gcrích ag céim na pleanála le haghaidh córais fuinnimh gheoiteirmigh dhomhain. 


Is féidir creathadh talún ar scála an-bheag (seismeacht) tarlú de bharr druileáil dhomhain agus chúrsaíocht leachtanna. Ní dócha go mbraithfear na himeachtaí micriseismeacha seo ar an dromchla, ach is fearr an cleachtas monatóireacht a dhéanamh ar sheismeacht roimh dhruileáil agus instealladh leachtanna, lena linn agus ina ndiaidh

Má leanaimid orainn ag baint an fhuinnimh gheoiteirmigh, nach rithfidh an teas amach?

Ní mór an ráta ag a n-eastósctar teas a bhainistiú. Baineann teicneolaíochtaí geoiteirmeacha úsáid as cumas carraigeacha agus uisce san fhodhromchla chun teas a aistriú agus a stóráil. I gcóras geoiteirmeach dea-dheartha, déantar an teas a eastóscaimid agus a úsáidimid a athshlánú trí ghluaiseacht nádúrtha teasa trí na carraigeacha ó phróisis gheolaíocha leanúnacha, nó trí ghluaiseacht uisce the nó, ag doimhneachtaí éadoimhne, trí fhuinneamh gréine.

An bhfuil fuinneamh geoiteirmeach níos costasaí ná acmhainní fuinnimh in-athnuaite eile?
Is ceist dheacair í sin a fhreagairt toisc go mbraitheann sé ar an gcóras atá á úsáid, ar chostas an leictreachais, ar chostais eile fuinnimh breosla in-athnuaite ag suíomh agus ar an tréimhse ama a bhfuil na costais á ríomh lena linn.

 Is cuid de mhisean GEMINI é a dhéanamh níos éasca d'úsáideoirí ionchasacha fuinnimh gheoiteirmigh na costais atá i gceist a ríomh.
An bhfuil druileáil gheoiteirmeach ina cúis le creathanna talún?

Is eol go mbíonn roinnt gníomhaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh dhomhain ina gcúis le creathanna talún ar scála an-bheag (seismeacht) i dtíortha ina bhfuil leibhéil ísle seismeachta nádúrtha. Uaireanta, is féidir le himeachtaí beaga seismeacha tarlú de réir mar a théann na carraigeacha i dtaithí an athuair ar choinníollacha nua fodhromchla. Is iondúil go mbíonn na himeachtaí seo chomh beag sin nach mbraitear iad ar an dromchla.

Léirigh staidéir chuimsitheacha ar oileán na hÉireann go bhfuil leibhéal íseal seismeachta nádúrtha agus riosca gaolmhar againn. Forbrófar tuilleadh staidéar agus acmhainn mhonatóireachta le linn thionscadal GEMINI, a oibreoidh i gcomhar le pobail áitiúla freisin.

Fuinneamh geoiteirmeach ar oileán na hÉireann

Cén fáth nár forbraíodh fuinneamh geoiteirmeach ar scála in Éirinn roimhe seo?

Tá roinnt cúiseanna leis sin:

  • Tá tuilleadh faisnéise geolaíochta ag teastáil uainn faoin bhfodhromchla;

  • Ní mór beartas, reachtaíocht agus rialacháin shonracha a bheith ann maidir le húsáid fuinnimh gheoiteirmigh;

  • Ba ghá teicneolaíocht nua agus níos éifeachtúla a fhorbairt chun go mbeifear in ann fuinneamh geoiteirmeach ar theocht níos ísle a úsáid go héifeachtach;

  • Níor áiríodh fuinneamh geoiteirmeach i dtacaíocht an rialtais d’fhoinsí in-athnuaite.

Tá sé níos éasca anois ná riamh leas a bhaint as fuinneamh geoiteirmeach ar oileán na hÉireann a bhuí le teicneolaíocht nua agus fheabhsaithe agus leis an eolas feabhsaithe atá againn ar an bhfodhromchla.  

An mbaineann aon fhoirgneamh ar oileán na hÉireann úsáid as fuinneamh geoiteirmeach?

Tá roinnt tionscadail gheoiteirmeacha éadoimhne ar scála níos mó i bhfeidhm faoi láthair. Áirítear orthu sin Scoil na nEolaíochtaí Bitheolaíocha in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (QUB), an t-ionad comhdhála i Halla Riddel QUB, IKEA, Baile Átha Cliath, Vistakon Ireland i Luimneach, Coimpléasc Miondíola Lár Chathair Bhaile Átha Luain, an Iarmhí, Ionad Cuairteoirí Chlochán an Aifir, agus iontaobhais éagsúla sláinte agus cúraim shóisialta.

An féidir fuinneamh geoiteirmeach a úsáid chun leictreachas a ghiniúint?

Baineann na príomhdheiseanna don fhuinneamh geoiteirmeach ar oileán na hÉireann le feidhmeanna téimh agus fuaraithe, ach faoi dhálaí áirithe is féidir fuinneamh geoiteirmeach a úsáid chun leictreachas a ghiniúint. Tá roinnt buntáistí ag baint leis sin, lena n-áirítear gan ach thart ar an séú cuid de CO2 gléasra cumhachta gáis nádúrtha a scaoileadh. Chomh maith leis sin, ós rud é go n-oibríonn gléasraí cumhachta geoiteirmeacha ar lán-acmhainn nach mór i gcónaí, is féidir leo foinsí eadrannacha fuinnimh amhail an ghaoth agus an ghrian a chomhlánú.

Tuilleadh eolais

Cá háit inar féidir liom tuilleadh eolais faoi fhuinneamh geoiteirmeach a fháil?

Is féidir go mbeidh na naisc seo a leanas úsáideach duit:

Geological Survey of Ireland - Geothermal

GeoEnergy NI

Ground Source Heat Pumps

Cad iad straitéisí fuinnimh an rialtais?

Chun eolas reatha a fháil faoi Straitéis Fuinnimh Thuaisceart Éireann, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha anseo.

Féach an fhaisnéis here ar Ráiteas Beartais na hÉireann maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach don Gheilleagar Ciorclach (DECC, 2023).

Conas is féidir liom coinneáil ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí GEMINI? 

Beimid ag postáil Nuachta agus Imeachtaí here ar an suíomh gréasáin.

Agus is féidir an tionscadal a leanúint ar na meáin shóisialta

LinkedIn

Facebook