Infheistíocht

Suiteálfaidh tionscadal GEMINI trí chóras fuinnimh gheoiteirmigh éadomhain (níos lú ná 500 méadar) in Ionad Réigiúnach Spóirt Shligigh (+), Northern Ireland Housing Executive, Béal Feirste (+) and Northern Ireland Water, Béal Feirste. Cuirfidh siad sin teas astaíochtaí neas-nialasacha ar fáil d’fhoirgnimh phoiblí agus cuideoidh siad le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht breosla.
Léireoidh raon na n-úsáideoirí éagsúla na cineálacha saoráidí ar féidir leo córais fuinnimh gheoiteirmigh a úsáid.

Forbrófar córas geoiteirmeach domhain (níos mó ná 500 méadar) ag campas Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath le himscrúduithe breise ar acmhainní geoiteirmeacha i gceantar Aontroma.
Infheisteoidh
láithreán taispeána Ghráinseach Ghormáin i bpoll tóraíochta domhain 2 km chun
indéantacht a léiriú in Éirinn le haghaidh líonra teasa ar scála níos mó.
Tuilleadh eolais... Tuilleadh
eolais
Áireofar i gceantar Aontroma bailiú sonraí agus anailís chun deiseanna fuinnimh gheoiteirmigh amach anseo a shainaithint. Tuilleadh eolais...

Cuimseoidh tionscadal GEMINI sraith gníomhaíochtaí atá dírithe ar inbhuanaitheacht agus ar fhorbairt níos fadtéarmaí na hearnála fuinnimh gheoiteirmigh ar ár n-oileán. Áireofar leis sin cláir oideachais, scileanna agus oiliúna, taighde (eolaíocht shóisialta, agus eolaíocht agus teicneolaíocht), sonraí agus tacair uirlisí do phleanálaithe, cláir rannpháirtíochta poiblí, dearadh samhlacha gnó, agus eolas chun tacú le beartas ar fud oileán na hÉireann ina iomláine. Tuilleadh eolais...

“Is bunchloch de mo phlean eacnamaíoch é an dícharbónú. Mar rogha mhalartach ar bhreoslaí iontaise, tá ról lárnach ag an bhfuinneamh geoiteirmeach maidir le dícharbónú teasa. Déanfaidh tionscadal GEMINI na buntáistí a bhaineann le fuinneamh geoiteirmeach ar fud an oileáin a léiriú agus a chur chun cinn. ”