Móiminteam an fhuinnimh gheoiteirmigh ar oileán na hÉireann
Ó Léiriú go Claochlú
Sna ceithre bliana amach romhainn cuideoidh tionscadal GEMINI le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le táirgeadh teasa a laghdú, sprioc atá lárnach do straitéisí 'An Antais Eorpach', na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann chun spriocanna astaíochtaí 2050 a bhaint amach. Tá an tionscadal faoi stiúir Codema, Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, agus tacaíonn clár PEACEPLUS leis atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) agus atá formhuinithe ag Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na hÉireann agus ag Roinn Geilleagair Thuaisceart Éireann. 
Is foinse fuinnimh atá slán, áitiúil agus neas-nialasach é an fuinneamh geoiteirmeach atá oiriúnach do cheantair uirbeacha agus thuaithe araon, lena n-áirítear úsáideoirí aonair nó líonraí a bhfuil éilimh mhóra teasa orthu. Bainfidh na teicneolaíochtaí geoiteirmeacha a úsáidtear sa tionscadal seo úsáid as fuinneamh teasa ón Domhan chun córais téimh agus fuaraithe ar mhórscála a chumhachtú i bhfoirgnimh na hearnála poiblí amhail linnte snámha, tionscadail tithíochta, oifigí fóntais agus campas ollscoile.