Rannpháirtíocht phobail i gceantar Loch Mac nÉan

Low lying mist over Antrim fields and hedgerows, blue sky and fluffy clouds

Gníomhaíochtaí thionscadal GEMINI ag
Loch Mac nÉan

Snáithe uathúil de thionscadal GEMINI is ea an obair i gceantar trasteorann Loch Mac nÉan. Mar chlár breithniúcháin daonlathais, is é is cuspóir dó rannpháirtíocht mheasúil agus ‘ón mbun aníos’ a éascú maidir le feasacht agus tuiscint áitiúil ar fhuinneamh geoiteirmeach, agus é ag tacú leis na pobail de réir mar a mhúnlaíonn siad an méid a tharlaíonn ina gceantar féin.

Cé gur bhailigh GEMINI faisnéis ar an leibhéal náisiúnta maidir le feasacht agus braistint an fhuinnimh gheoiteirmigh, déanfaidh an obair anseo é sin a bheachtú ar leibhéal níos áitiúla.

Tacaíonn Clár PEACEPLUS le Tionscadal GEMINI, ar clár é atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB). Cuireann Clár PEACEPLUS an deis chun cinn le haghaidh ‘Clár do shaoránaigh chun feasacht agus tuiscint a mhúscailt maidir leis na buntáistí a bhaineann le réitigh téimh gheoiteirmigh.’ Cuirfidh tionscadal GEMINI é seo i gcrích trí dheis a chruthú do phobail cheantar Loch Mac nÉan tionscnaimh phobail ghaolmhara a scrúdú. Is é seo an t-aon réigiún teorann ar cuireadh an deis seo ar fáil dó agus cuirfidh sé le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail roimhe seo sa cheantar.

Beidh na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an bhfuinneamh geoiteirmeach, na rioscaí a bhraitear agus na fíor-rioscaí a bhaineann leis an bhfuinneamh geoiteirmeach, mar chuid den phlé, agus tabharfar soiléiriú ar na céimeanna praiticiúla agus ar na próisis chinnteoireachta a bhaineann le córais fuinnimh gheoiteirmigh a chur in úsáid ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an phobail. Agus béim á leagan ar an eolaíocht shóisialta, ní dhéanfar aon obair fhisiciúil amhail druileáil nó obair allamuigh ar an láthair anseo mar chuid de thionscadal GEMINI.

Ó thús 2026, is éard a bheidh i gceist le rannpháirtíocht i limistéar fócais Loch Mac nÉan idirphlé, ceardlanna agus cruinnithe le baill de phobail áitiúla, uirlisí agus faisnéis a roinnt faoi riachtanais fuinnimh sa cheantar, chomh maith le réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. I gcomhthéacs Thionscadal GEMINI, díreoidh sé sin ar fhuinneamh geoiteirmeach. 

Cuspóir lárnach is ea a chinntiú go mbeidh an deis ag pobail áitiúla an fhaisnéis uile atá ar fáil faoi roghanna fuinnimh gheoiteirmigh a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, lena n-áirítear na próisis lena mbaineann. Cinnteofar leis sin go mbeidh siad in ann cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hoiriúnacht dul ar aghaidh le haon tionscadal geoiteirmeach amach anseo mar chuid de thionscnamh faoi stiúir an phobail.

Go ríthábhachtach, má roghnaíonn an pobal gan aon deiseanna geoiteirmeacha a chur chun cinn, ní dhéanfar dul chun cinn orthu. Is é sin dearadh agus spiorad bunúsach cláir breithniúcháin daonlathais.

Ag deireadh phróiseas breithniúcháin an tionscadail, déanfar tuarascáil ar thorthaí deiridh na heolaíochta sóisialta (agus aon réiteach teicniúil, amhail teaschaidéil gheoiteirmeacha, líonraí teasa, srl., a phléitear leis na pobail) a tháirgeadh agus a chur ar fáil go poiblí. Má léiríonn pobail spéis i dtionscadal geoiteirmeach amach anseo a chur chun cinn, d’fhéadfadh an tuarascáil seo a bheith ina cuidiú chun maoiniú a fháil.

Céard iad aidhmeanna na bpróiseas rannpháirtíochta pobail seo?

Is é is aidhm don fhormáid rannpháirtíochta a úsáidfidh comhpháirtithe GEMINI an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • Tuiscint a fháil ar bhraistintí maidir le fuinneamh geoiteirmeach ar leibhéal an phobail;

  • Meas a léiriú ar an gcaoi ar mian le pobail a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh agus tairbhe a bhaint as;

  • Eolas agus acmhainn a fhorbairt chun tacú le ceannaireacht agus rannpháirtíocht an phobail san aistriú fuinnimh;

  • Úsáid a bhaint as na ceachtanna agus na torthaí ó gach próiseas chun moltaí a fhorbairt d'údaráis áitiúla, don rialtas, do phleanálaithe agus do pháirtithe leasmhara ar mian leo a bheith páirteach i dtionscadail fuinnimh gheoiteirmigh ar oileán na hÉireann.

Comhpháirtithe tionscadail

Mar chuid de thionscadal leathan GEMINI, tá an obair shonrach timpeall ar cheantar Loch Mac nÉan i gcontaetha an Chabháin, Fhear Manach agus Liatroma á stiúradh ag an Meitheal Mhachnaimh neamhspleách um Ghníomhú ar Athrú Sóisialta (TASC), le tacaíocht ó Líonra Cheantar Teorann Láir na hÉireann (ICBAN) maidir le próisis rannpháirtíochta ar leith.

Is é ICBAN comhpháirtíocht trasteorann na n-údarás áitiúil, agus a oibríonn don limistéar ar a dtugtar Réigiún na Teorann Láir. Áirítear leis sin limistéir Chomhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon, an Chabháin, Dhún na nGall, Fhear Manach agus na hÓmaí, Liatroma, Lár Uladh, Mhuineacháin agus Shligigh.

Chomh maith le rannpháirtíocht an phobail i gceantar Loch Mac nÉan, oibreoidh TASC freisin le pobail áitiúla i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste ag láithreáin taispeántais GEMINI chun rannpháirtíocht atá sainiúil don láithreán agus faoi stiúir an phobail a fhorbairt. Roghnaíodh na suíomhanna chun ionadaíocht a dhéanamh ar raon suíomhanna idir lár na cathrach agus pháirceanna tionsclaíocha agus limistéar teorann tuaithe ina bhfuil pobail fuinnimh ghlain trasteorann nuálacha atá ann cheana. 

Rannpháirtíocht phobail i Gceantar Loch Mac NÉan

Ceisteanna Coitianta

Céard is brí le ‘próisis rannpháirtíochta’?

Áirítear leis sin raon modhanna cumarsáide atá curtha in oiriúint chun bheith oiriúnach don lucht féachana. D’fhéadfadh agallaimh duine le duine, suirbhéanna, halla an bhaile/cruinnithe poiblí, srl. a bheith i gceist leo sin. 

Céard é cuspóir na hoibre seo? 
Gach tuairim áitiúil a bhailiú ar bhealach oscailte, trédhearcach agus faisnéis a roinnt ar an mbealach is soiléire is féidir. Táimid ag iarraidh freisin fiosracht a mhéadú faoin gcineál seo fuinnimh, rud a chabhróidh linn an fhaisnéis is mó a chabhróidh le pobail a sholáthar, a thacóidh ar deireadh le cinnteoireacht eolasach ag pobail. 
Cad é an cur síos foirmiúil ar ‘chlár breithniúcháin daonlathais’?
Is próiseas struchtúrtha é clár breithniúcháin daonlathais inar féidir le grúpa daoine atá ionadaíoch den chuid is mó teacht le chéile chun foghlaim, plé dhéanamh agus fianaise a mheas ar shaincheist sula ndéantar moltaí nó cinntí a mhúnlú i dteannta a chéile. Leagtar béim leis ar idirphlé eolasach, cuimsitheach agus measúil, lena gcinntítear go n-eascraíonn cinntí as plé machnamhach seachas as pobalbhreith shimplí nó vótáil tromlaigh. Tá plé barántúil i gcroílár an chur chuige sin.
An bealach é seo díreach chun a chur ina luí ar dhaoine glacadh le fuinneamh geoiteirmeach?
Ní hea. Is éard atá i gceist leis an obair seo ná na modhanna is fearr a shainaithint chun dul i dteagmháil le pobail agus faisnéis a roinnt ar bhealach éifeachtach sa chaoi gur féidir leo úinéireacht a ghlacadh ar thionscadal áitiúil, nó cinneadh a dhéanamh le chéile nach é an rogha is fearr é a chur chun cinn go háitiúil.  Baineann sé le cinnteoireacht eolach. 
An bhfuil sé i gceist le GEMINI fuinneamh geoiteirmeach a fhorchur ar an bpobal? 
Níl. Tá ról ag tionscadal GEMINI maidir le feasacht a mhúscailt go ginearálta agus fuinneamh geoiteirmeach a chur chun cinn, ach aithnímid go gcaithfidh aon réiteach fuinnimh a bheith ar an rogha is fearr dóibh siúd uile a mbeidh tionchar aige orthu ar bhealach ar bith. Ní fheileann gach réiteach do gach pobal.
An bhfuil tú ag triail talamh a cheannach nó rochtain a fháil ar thalamh mar chuid den rannpháirtíocht phobail? 
Níl. Is tionscadal sealadach 4 bliana é GEMINI a bhfuil 15 chomhpháirtí aige, san earnáil phoiblí agus san earnáil acadúil den chuid is mó. Áirítear le hobair rannpháirtíochta pobail laistigh de thionscadal GEMINI (a) taighde ar na modhanna rannpháirtíochta is fearr agus (b) sraith cruinnithe agus imeachtaí comhroinnte faisnéise. Ní áirítear leis obair allamuigh ná tástáil eolaíoch - chun faisnéis a fháil faoin obair theicniúil agus eolaíoch atá á déanamh, féach na leathanaigh a bhaineann le Láithreáin Taispeántais. 
An bhfuil sé i gceist leis an tionscadal seo tacú le forbairt gáis scealla? 
Níl. Níl taiscéalaíocht gáis scealla nasctha ar bhealach ar bith le tionscadal fuinnimh gheoiteirmigh GEMINI.  Is réiteach fuinnimh ísealcharbóin é an fuinneamh geoiteirmeach a chuideoidh le pobail fáil réidh leis an ngá atá le breoslaí iontaise le haghaidh téimh agus fuaraithe. Gabhann sé teas nádúrtha agus úsáideann sé é mar fhuinneamh in-athnuaite, sa chaoi gur féidir linn bogadh ar shiúl ó úsáid breosla iontaise.
 
Tá comhpháirtithe tionscadail GEMINI an-eolach agus an-mheasúil ar íogaireachtaí na bpobal áitiúil maidir le fraiceáil gáis scealla, agus go háirithe i gceantair Fhear Manach, Liatroma agus an Chabháin. Dá bhrí sin, tá rannpháirtíochtaí le pobail agus le páirtithe leasmhara mar chuid de GEMINI dírithe ar dheiseanna geoiteirmeacha chun tacú leis na pobail sin an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus a chinntiú go gcosnófar an comhshaol. 
Cá bhfuil GEMINI ag déanamh druileála?
Níl ach suiteálacha druileála agus córais fuinnimh gheoiteirmigh fhisicigh á ndéanamh ag GEMINI ag na Láithreáin Taispeántais (Sligeach, Baile Átha Cliath, Béal Feirste). Tá an t-aon druileáil ‘dhomhain’ (>500m) ar siúl i mBaile Átha Cliath.

Glac páirt ann!

Tá an spéis san fhuinneamh geoiteirmeach ag dul i méid agus táimid ag iarraidh nasc a dhéanamh le daoine aonair agus le pobail ar mhaith leo a bheith mar chuid den aistear. Comhlánaigh an fhoirm seo más mian leat fanacht ar an eolas agus eolas a fháil faoi bhealaí chun cur leis an tionscadal.