Ag fáiltiú dó roimh sheoladh thionscadal GEMINI, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan, T.D an méid seo a leanas.: 
Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil mo Roinn tiomanta tacú le tionscadal fuinnimh gheoiteirmigh GEMINI. Cuideoidh an tionscadal seo linn ár spriocanna astaíochtaí le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach trí bheith ag tacú leis na beartais maidir le Fuinneamh Geoiteirmeach agus Téamh Ceantair faoi stiúir mo Roinne chun an earnáil téimh agus fuaraithe a dhícharbónú, rud atá ina ghné ríthábhachtach den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Rialtas na hÉireann.  
Níos tabhachtaí ná aon rud eile, soláthróidh an tionscadal GEMINI níos mó ná bonneagar sa ghearrthéarma. Cuirfidh sé le hacmhainn riachtanach inár gcórais phleanála, oideachais, taighde agus deartha fuinnimh, chomh maith le dea-chleachtas maidir le rannpháirtíocht sa phobal. Cuirfidh sé sin réitigh fhadtéarmacha agus tionchar inbhuanaithe ar fáil tar éis an tionscadail ceithre bliana. In éineacht le mo chomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann, tá mé ag tnúth le torthaí an tionscadail chomhoibríoch uaillmhianaigh thráthúil seo a fheiceáil..”
Dúirt an tAire Eacnamaíochta Conor Murphy: 
Is bunchloch de mo phlean eacnamaíoch é an dícharbónú. Mar rogha mhalartach ar bhreoslaí iontaise, tá ról lárnach ag an bhfuinneamh geoiteirmeach maidir le dícharbónú teasa. Déanfaidh tionscadal GEMINI na buntáistí a bhaineann le fuinneamh geoiteirmeach ar fud an oileáin a léiriú agus a chur chun cinn. 
Le hobair chomhpháirtíochta thábhachtach, bhíothas in ann an tionscadal seo a chur i gcrích, agus molaim na comhpháirtithe lena mbaineann as a gcomhoibriú leanúnach leis an earnáil phoiblí ó thuaidh. Is í an earnáil phoiblí an tomhaltóir fuinnimh is mó atá againn, agus is díol sásaimh dom tiomantas GEMINI a hastaíochtaí carbóin a laghdú trí acmhainneacht gheoiteirmeach dhomhain ár n-oileáin a scaoileadh agus trí thacú lenár n-aistriú ó bhreoslaí iontaise iompórtáilte.”
Príomhfheidhmeannach SEUPB, Gina McIntyre: 
Is bealach an-tábhachtach é fuinneamh in-athnuaite, inbhuanaithe agus níos glaise a chur chun cinn chun todhchaí níos fearr a chruthú do chách ar fud an oileáin seo. Tá an fuinneamh geoiteirmeach ar cheann de na deiseanna is spreagúla atá ann chun ár n-acmhainní nádúrtha a úsáid go sábháilte agus go freagrach chun táirgeadh fuinnimh a fheabhsú. Is tionscal é seo inar féidir le heagraíochtaí i dTuaisceart Éireann agus in Éirinn tionchar nach beag a imirt agus táimid bródúil as bheith ag tacú leis an earnáil thábhachtach seo trí PEACEPLUS”
7 Samhain 2024