Láithreán Taispeána Northern Ireland Housing Executive
Suiteálacha ar scála baile ag saoráid oiliúna Ionad Barr Feabhais Glan-Nialasachta NIHE, Currach Fearnaí, Béal Feirstet
Cuirfidh GEMINI suiteálacha ar scála baile le dhá theach taispeána nua NIHE i mBéal Feirste, mar chuid de shaoráid phraiticiúil le haghaidh oiliúint scileanna teicneolaíochta ísealcharbóin.
Suiteálfar dhá chóras gheoiteirmeacha lúbiata, ina mbeidh poill tóraíochta ingearacha agus bailitheoirí cothrománacha. Déanfar na poill tóraíochta ingearacha a dhruileáil go doimhneacht thart ar 200 méadar agus déanfar na córais lúbiata chothrománacha ‘slinky’ a thógáil trí thrinseáil go doimhneacht beagán os cionn méadair. Beidh teaschaidéil foinse talún (GSHPanna) ag an dá chóras ar féidir leo téamh a sholáthar agus a bheidh nasctha le líonra gearr teasa chomhthimpeallaigh. Déanfar na córais a fheistiú chun gur féidir sonraí a bhailiú maidir le héifeachtúlacht, agus déanfar iad a dhearadh ar bhealach ina mbeidh oibriú inmheánach na ngnéithe faoi thalamh (atá faoi cheilt de ghnáth) le feiceáil agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh teagaisc. 
Trí chláir oideachais eagraithe, cuirfidh an tsuiteáil fuinnimh gheoiteirmigh seo san Ionad Barr Feabhais ar chumas oiliúnaithe – printísigh, baill foirne agus tionóntaí NIHE – taithí phraiticiúil a fhorbairt maidir le conas na córais sin a shuiteáil agus a chothabháil. Cuirfidh sí faisnéis ar fáil freisin maidir le hacmhainneacht gheoiteirmeach éadomhain réigiún Ghleann an Lagáin d’úsáideoirí leasmhara eile. Ní féidir leis an láithreán cuairteoirí a éascú ar bhonn ‘bualadh isteach’, cé go bhfuil imeachtaí tacaíochta á bpleanáil.
Tá na comhpháirtithe GEMINI seo a leanas rannpháirteach i ngníomhaíochtaí ag Ionad Barr Feabhais Glan-Nialasachta NIHE: NIHE, Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann (tacaíocht agus comhairle theicniúil a chur ar fáil), Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh (taighde agus monatóireacht), an Mheitheal Mhachnaimh um Ghníomhaíocht maidir le hAthrú Sóisialta (taighde ar rannpháirtíocht sa phobal), RML (cumarsáid agus rannpháirtíocht).